Tacsanomaíocht | |
---|---|
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Saurischia |
Fine | Tyrannosauridae |
Treibh | Tyrannosaurini |
Géineas | Tyrannosaurus |
Speiceas | Tyrannosaurus rex Osborn, 1905 |
Cineál tacsanomaíoch | CM 9380 |
Méid | |
An t-ainmhí feoiliteach tíre is mó riamh ar Domhan, dineasár a bhí i mbarr a réime sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin. Timpeall 12 m ar fhad, blaosc ollmhór air, le gialla doimhne is fiacla cosúil le miodóga. A eireaball matánach trom. Mionghéaga tosaigh air, gan ach dhá mhéar orthu araon. Ghluaiseadh sé go mall, 4 km u-1 ar a mhéid. Meastar gur chartóir é seachas sealgaire gníomhach.[1] B'fhéidir go raibh cóta cleití aige ar chuid dá chorp ar a laghad. Bhí cónaí air i Meiriceá Thuaidh agus mhair sé ann le dineasar eile ar nós Trícheireatóp agus Ankylosaurus. Bhí na hainmhithe seo creiche don tyrannosaurus, go háirithe an Trícheireatóp.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search